Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Na deicmhaidhthe
Caithfeadh an tineónta bíodh sé bocht nó saidhbhir an deichmeadh chuidh do thorthaí na talmhan a thabhairt do'n tighearna agus tiubhradh seisean do'n mhinistéar Protustúnach é le é a chothughadh. Theigheadh an tighearna agus beirt nó triúr póilíní thart ag bailiughadh na ndeicmhaidhthe. Mar a mbeadh na tineóntaí sásta na deichmhaidhthe a íoc bhéarfadh an tighearna agus na póilíní air agus caithfheadh siad amach as an teach ar fad é. Rinne siad an cleas sin le Peadar Breathnach as Leitirmóir. Ní raibh torthaí an-fhairsingh an blhiain áirithe seo agus nuair a tháinig an tighearna agus na póilíní thart ag bailiughadh na ndeichmhaidhthe ní raibh Peadar sásta iad a íoc. Chaith siad Peadar amach ar an mbóthar agus níor chuala mé ariamh cé ndeachaidh sé.- Bailitheoir
- Nóra hOibicín
- Inscne
- Baineann