Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 071
- XML “An Bóthar Díreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)píosa de'n bhotar a bhíodh íseal an fliuch. Bhí gac duine ag teicheadh o'n uisge agus ag dul isteach sa talamh. Nuair a tháinig an bhean bocht agus an triur gasúir go dtí an t-uisge chuaidh an mháthair agus an bheirt óg isteach san talamh agus bhí sí ag iarraidh ar an ngasúir críonna teacht isteach Á arsa an gasúr. críonna. Nár chuala tú cad a dubhairt an sagart éinne a choimheádfadh an bothar díréac nach mbeadh aon bhaogal air. "Ara". mo thruag thú", arsa a mháthair, ní hé sin an bothar díreac. a bhí an sagart ag rádh ach bothar eile. Is cuma liom-sa a mháthar arsa sé, cad é an bothar é, ach gheobhadsa an bóthar díreach. Gabh sé thríd an uisge. Cé a bhead ag éisteacht leis an ngasúr ach an sagart agus capall aige. Maith an buachaill "adubhairt an Sagart". D'fiafruigh an sagart de'n mhathair an ligfeadh sí in éanfacht leis é ar feadh bliana. Tá an gasúr óg agus déanfa sé an a cuirfe mé mar churam air. Tabharfa mé biadh agus deoch maith dhó, agus beagáinín turastal le na chois. Ní bheidh aon easba air " ligfe mé "a athair, arsa an bhean bhocht. Mar is fearr dó i bheith i dtaobh éiginteacht 'ná a bheith in aoinfeacht liom-sa. Téigir siar go dtí mo theach agus déarfadh le bean an tighe dinnéar maith a thabhairt díbh, mar a bfeice mé féin sibh, adubhairt an sagart. Dubairt an sagart le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Congaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe