Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 060
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do thug sé dhó é. Dubhairt sé leis a dhul go dtí an fathach, agus go bé an obhair a bheadh le déanamh aige ag chuir na caillighe isteach agus amach tar-éis chuile bhéile. Chuaidh sé go dtí an fathach, agus dubhairt an fatach leis fanacht ag obhair aige féin agus d'fan. Bhí sé ag chuir na caillige isteac agus amach ar feadh an am. Lá amháin chaith sé i dtom neantogaí í agus thosuigheadh sí ag sgréachaogail. Céard atá ort adeir an fatach léi "mé féin, mé féin" atá adeir sí más tú, tá tu ceart. Ar maidin lá na bháireach. Dubhairt an fathach leis an bfear, rudaí na gcaiple a ghlana agus iad a bheith glanta aige roimhe féin. Nuair a tháinig an fatach dubhairt sé leis an bfear go gcaithfeadh sé ropa féir a thabhairt anoir as an ngarraidhe. Nuair a bhí an féir tugtaí anoir aige, chuaidh an fear agus an fathach ag iarraidhe uisge ag an tobar, agus dubhairt an fear leis go dtiubharach sé an tobar anoir, agus dubhairt sé leis gan a thabhairt Lá amháin chuaidh siad ag marbhuighe éanacha agus rinne an chailleach chuach de féin agus chuaidh sí suas i gcrann agus thosuigh sí ag glaodach. Chaith an chuach sin adeir an fathach leis an bhfear, agus chait sé í. Ó arsa an fathach tá mo mháthair marbuidhghe agat, tá tú féin le marbuigh. Nach tú féin adubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Colm Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe