Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 046
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)póta. Nuair a chualaidh an fathach an sgéal seo thuit sé ina codhladh. Shaoil sé go raibh an buachaill bruithte san bhpota. Shiubhal leat arsan cailín, agus rachaimíd ar siubhal o'n chaislean ar fad". Chuaidh siad amach ins an stábla agus thug siad amach an dá ghearrán ab fearr a raibh ann. Nuair a mhuscail an fathach chuaidh sé suas ins an seomra ag féacaint a raibh an buacaill sa bphota ach ní raibh sé ann. Bhí a fhios aige go maith go raibh an beart ar siubhal agus chuaidh sé amach ins an stábla ach ní raibh tada ann ach sean-chapal[l] bacach. Thug sé amach é agus chuaidh sé ar a lorg. Breathnuigh i do dhéidh" arsa cailín, agus féac i bfheiche[..?] Tá d'athair ag teacht adeir sé, ar an sean-chapall bhacach" Cuir do láimh isteach i gcluais dheis do ghearráin agus feach an bfeiceann tú tada ann. Chuir sé a lá[imh] isteac i gcluais an ghearráin agus fuair sé sleamann gainimhe ann. Breathnuigh do dhéidh arsa an cáilin agus abair "Sliabh agus creagacha 'do dhéidh agus bothar deas roimhe. Rinne sé é sin agus tháinigh sliabh mór agus creagacha 'na ndéidh agus bothar deas roimhe. Tháinic an fathach aníos chuig an sliabh mór agus na creagacha agus b'éigin do dul ar ais agus tuagh agus casúr fágháil chun casan a dhéanamh fhríd na creagacha agus na sléibhte móra. Bhris sé na creagacha agus na sléibte go bfhuair sé casan thríd. Amharc aríst agus fiac an bhfeicfidh tú duine ar bith ag teact, arsan cailin. Feiceamh [!](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Donncadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe