Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 041
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rí de'n fhear a bhí ghá bhfaire, cé leis an méid sin beithidheach, "Le Mac Uí Airt iad arsa an maor, Is mór an lán beithidheach atá agat, A Mhich Uí Airt arsa an rí. D'imthigheadar leobhtha go dtáinigh siad go dtí an áit a raibh na caoirigh, D'fiafruigh sé de'n mhaor cé leis an méid sin caorach. Dubhairt an maor gur le mac Uí Airt iad "Ba gara, is onórach an fear é Mac Uí Airt "Arsa an rí." Bhí siad ag imteacht leobhtha go dtáinig siad go dtí an pháirc a raibh na caiple ann." D'fiafruigh an rí d'e'n mhaor cé leis an méid sin caiple," Le Seán Mac Airt," arsa an maor "Ba gara, is saidhbhre Mac Uí Airt go mór ná mise a dubhairt an rí. Thiomháin siad leobhtha agus bhí Seán leanamhaint an chait go bhfaca sé ag iompódh síos é go caisleán an fhathaigh. Nuair a chuaidh an cat isteach go dtí an fathach rinne sé cleasa toil, trí h-uire [!] thíos ag béal an dorais. Dubhairt sé leis an bhfathach: "Sin rud nac dtiocfadh leat-sa a dhéanamh! "Thiocfadh liom-sa a dhéanamh go cinnte! arsa an fathach leis an gcat. Ní thiochfaidh leat seo a dhéanamh "arsa an cat" ag teacht thart agus ag déanamh luchóige de fhéin." Thiocfadh liom a dhéanamh go cinnte" arsa an fathach, Deanann an fathach luchóg de féin. Nuair a fuair an cat 'na luchóg é sgiobann sé an cloigeann de. Nuair a bhí an fathach marbh ag an gcat chuaidh sé amach ar mhullac an tighe ag gloadach air a mháistír, ar an rí agus ar a chuid fear. Nuair a chuaid siad isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hÉidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 27
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe