Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 019
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[a]on shúim annsin. D'imthigh leis agus bhí sé ag siúbhal nó go dtáinig sé go dtí loch agus fuil a bhí sa loch sin. Chuaidh na beithid go léir de léim tríd an loch agus nuair bhí [a]n bhó deidhneach ag dul amach thríd an loch chuaidh sé ag marcaidheacht a [!] an mbó go ndeachaidh sé ar an taobh eile de'n loch agus bhí an fear annsin roimhe agus dubhairt sé leis an mbuachaill gur bé an buachaill a bfhearr a chonnaic sé [f]ós é. D'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cé'n phághaí a bheadhach sé ag iarraidh. Dubhairt sé go mbeadhac sé ag iarraidh a bheirt [d]earbhráthar a bhí ar gach taobh den doras a déanamh beó. Dubhairt [s]é go ndéanfadh, agus dubhairt sé go mbéadhach sé ag [i]arraidh a dheirbshiúr a thabhairt abhaile. Dubhairt an fear [l]eis nach bféadfadh sé í a leigeann abhaile mar tá an oiread sin cleasanna múinte agam-sa de is nach bféadfainn déanamh gán í anois. Rinne sé a bheirt dearbhráthar beó aríst. Cuaidh siad abhaile annsin agus mhair siad go sásta níos mhó.
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Ráighne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe