Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 018
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí [!] ag na ba in áit bainne. Bhí a fhios aige nach raibh a dlighe coimhlíonta aige. Ní rinne fear an tighe act cnop eile salann dhe agus é leagann ar an taobh eile de'n doras. Annsin dubhairt an tríomadh mac le na mháthair go raibh sé féin ag dul ar thuairisg a dheirbhshiúr a bhí imthighe as an teach le trí bliadhna agus a dhearbhráthair a bhí imthighe le dhá bhliadhain agus a dhearbráthair eile a bhí imthighe le bliadhain. D'fhiafruigh a mháthair dhó cé bhfearr leis an cáca mór is a mallacht ná an cáca beag is a beannacht. Dubhairt sé go bfearr leis an cáca beag is a beannacht. Thug sí an cáca beag dhó agus a beannacht agus d'imthigh sé. Bhí sé ag siubhal leis casad isteach sa teach céadhna é ar casadh a dhearbhráthara roimhe. D'iarr sé lóistín fuair sé é agus fáilte. Ní raibh sé ibhfad istigh go dtáinig fear isteach agus é gléasta in éadach bán. D'iarr sé ar a bhean béilidhe a réidteach de'n fear. Nuair bhí a bhéilidhe ithte aige chuaidh sé a chodladh. Nuair d'éirigh sé ar mhaidin. thug fear an tighe amach go dtí an stábla é agus chuir sé go leór beithidh amach roimhe na líne agus dubhairt sé leis rud ar bith a d'fheiceach sé ná rud ar bith a chloiseach sé gan aon áird a thabhairt air. D'imthigh leis agus ba ghearr gur casadh isteach sa mboithrín é chuala sé feadhghail acht níor chuir sé an tshúim innte. Bhí sé ag siubhal gur casadh an crann ublaí leis. Thuit ubhla agus bhuail sé sa mullach é níor chuir sé aon suim ann. D'imthigh leis indhiadh na mba agus bhí sé ag du[l] amach trí shean-balla agus chonnaic sé cloigeann mná agus bhí lúch ag dul amach is isteach na béal. Níor chuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Ráighne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe