Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 424
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh a lán cheardanna ag na daoine fadó. Do dheineadh siad gallúnach, coinnlí, ciseáin, geataí, céachtá adhmad, crochanna agus rámhainne [?]
Do dheineadh siad coinnle de brobh luachra agus teala agus gallúnach de díobh a bhí le fághail ins an bportach. Do bhí duine dabh ainm Séan Cnead agus dheineadh sé na ciseáin. Do dheineadh na daoine céachtaí adhmad freisin agus bhí fear as an áit seo a dhein rothar adhmad.
Bhí túirne lín ag gach bean a' tighe ias an gceanntar seo fadó. Tá cúpla cinn fagtha fós. Do bhíod na daoine ag dathugadh olna fadó freisin. Do bhíodh scrait cloch, madar, laib, crainn fearnóg, fraoch, agus cupóga sraide acú le h-aghadh an dathachán.
Do bhíodh siad ag déanamh t-éadracha freisin de cnáibh. Do dheineadh siad táirngí freisin. Bhí fear ins an áit seo a bhí n-ann cuinneóga a déanamh
Bhí bisca aca fadó le h-aghaidh lampa agus poll i n-a lár le h-aghaidh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Luideáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glann, Co. na Gaillimhe