Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 418
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhóigheadh mórán de mar chonnaic na daoine é agus do chuireadar as é. Seo sgéal eile i dtaobh daoine do mharbhuigheadh. Do bhí fear ag tíomáin gluaisteáin oidhche amháín. Bhí abhann ag rith i n-aice an bhóthair. Bhí tríur sa chárr. Fear, bean agus páisde. Bhí an bhean ag rádh leis an bhfear an dorais a choinnéal ar fhosgailt ar eagla go mbeadh timpist ann ach dubhairt an fear nach raibh aon baoghal. Bhíodar ag dul timcheall cóirnéal. Bhí an abhann ar aon aoirde leis an bóthar anois. Bhí an solas ag taithneamh air. Rith an chárr isteach san abhann agus bádadh iad.Do bhí bean ann fadó agus bhí seisear inghean agus mac aici. Lá amháin chuaidh sí go dtí an tobar i gcoinnibh uisge. Do bhí bád ag bádhadh amuigh sa loch. Nuair a tháinig sí isteach bhí na h-inghean ag féachaint ar an mbád. Dubhairt an bhean leo, "na bí ag caitheamh an t-am ag féachaint ar an mbád sin ní féídir libh aon rud a dhéanamh dó." Nuair á fuair siad an corp a mac féin a bhí ann. Bhi cárr eile ag teacht abhaile san oidhche. Ní raibh an ghealach 'na suidhe. Do bhí cloch mhór i lár bhóthair. Bhuail an chárr i n-aghaidh cloch.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Luideáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bairbre Ní Luideáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72