Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 406
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na prátaí Cuireann mo athair prátaí ar an bhfeirm sa mbaile gach bliain. Is le céachta a chuireann sé cuid acú agus le rámhainn a chuireann sé cuid eile. Go h-ionbamhail is le rámhainn a chuirtear fataí talamh bána. Ins an t-am fadó bhíodh céachtaí déanta d'adhmad. Bhíodh siúnéir na chéachtaí leis na céachtaí a dhéanamh. Níl aon céachtaí ádhmad ins an gceanntar anois.
I dtús an Carraigh gearrtar na fátaí i na sgrolláin agus cuirtear i málaí iad. Na fátaí nach bhfuil aon tsúil ionnta caithtear ar leathtaobh iad. Laoghán a tughtar ortha sin. Cnámhóga a tugtar ar na fataí nach bhfuil aon mhaitheas ionnta le h-aghaidh síol.
Uaireannta sábhtar na sgiolláin ins na h-iomairí i n-ionnad iad do chur le céachta. Na puill a ghníor duine leis an láighe na fágálacha tugtar ortha sin. Déantar na puill a mhúcadh annsin. Nuair a bhíonn na fataí curtha cuireann leasú ortha. I n-aice an fairrge cuirtear feamainn agus slobbáin ar na fataí i n-ionnad aoileach.
Nuair a thosaigheann na dasacha ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann