Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 393
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha sin sean paidreacha a bhí ag na sean daoine fadó ach níl siad go léir i gcuimhne na ndaoine anois. Nuair a bheadh siad ag rádh an Paidrín Partach fadó déarfhadh siad na Rúindiamhaire go léir. Nuair a bheadh duine da n-adhlacadh aca fadó shiulaidís thart timcheall an uaigh trí h-uaire agus dearaidís paidir le na linn sin, ach níl an paidir sin i gcuimhne na ndaoine anois.Seo paidir a déaraidís roimh dul a chodhlad dhóibh san óidhche. Ceithre coirnéal ar mo leabhaidh ceithre aingeal ortha Maitheas, Marcas, Lúcas agus Séan. Go mbeannuigheadh Dia agus Muire ar an leabhaidh seo a luighmuid ann. Má fhághaimse bárr as seo go maidin Flaitheas Dé go raibh mo leabaidh. M'annam duit a Dhia na nia m'annam ort atá mé fionnas ort a Mhaighdean Mhuire fágh m-annam ar dheas láimh do leanbh.Ó mo Dhia tóg seilbh ar m-annam indiu, Íosa Críost go mo leat Fhéín mé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Barbara Ó Luideáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Glann, Co. na Gaillimhe