Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 379
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do luigh an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar seo agus níor bhréag "droch-shaoghal" a thabhairt air, acht buidheachas le Dia níor mhair mé an t-am úd.San mbliain 1846 chonnaic na daoine galar eicínt ag teacht ar na prátaí ar dtús. Sé'n galar a bhí ann ná an dubh. Shíl na daoine nach ndéanfadh sé mórán dochar do na prátaí acht nuair a lobhadar as éadan ins na pollaibh agus ins na tightibh bhí uathbhás mór ortha. Bhí na daoine ag brath an uair sin ar na prátaí agus ní raibh aon phlúr ná min le fághail an uair sin mar tá anois. Bhí beagán plúr ag teacht ó Americá ar a dtugtar "plúr Americá" air, acht ní raibh á cheannacht ach na daoine saidhbhre.An bhliain i na dhiaidh sin chuir na daoine na síol airís acht theipeadar airís. Annsin bhí na daoine bochta ag fághail bháis leis an ocras agus leis an bhfiabhrais. Deirtear go raibh 8,000 daoine i n-áit amháin a fuair bás de'n ocras gan cómhra gan braitlín ar éinne aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Seoladh
- Gort Oiriúlaigh, Co. na Gaillimhe