Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 368
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósann daoine idir an Nodlag agus an Carghas ins an áit seo. Deirtear go bhfuil Mí na Márta agus mí an Aibreáin mí-ráthmhar le pósadh a dheanamh. Tá laetheannta ráhmhar agus mí-ráthmhar le pósadh freisin, mar deirtear go bhfuil Diardaoin agus Dia Satarn ráthmar agus tá Dia h-Aoine mí-ráthmhar. Tugtar an Inid ar tosach an carghas.Tugtar Dómhnach na pus ar an gcéad Dómhnach den chargas, mar bíonn pus ar dhaoine ion-phósta nach bhfuil pósta, nó gealladh pósta orra roimh an lá sin. Tugtar Margadh mór na pus" ar an Diardaoin roimhe sin freisin. Tugtar "Mairt na h-Inidhe" ar an lá roimh "Céadaoin na Luaithre." Bíonn féasta mór ag na daoine an oichche sin. Cuireann siad fáinne i gcáca agus an té a gheibheas an fáínne bheadh sé pósta go luath. Bíonn rabhartha fá'n am sin ar a dtugtar "rabhartha ruadh na h-Inide" air.Is cuimhin le corr-duine an uair a raibh an pósadh déanta ins na tighthe. Tá sé ceithre scór agus deich bliain ó shoin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60