Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 363

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 363

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 363
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá a lán pisreogaí ag baint le "Dómhnach Cingcíse." Ní théígeann aon duine ar an loch an lá sin ar mbaoghal a mbáithte. Ní raibh bearradh le fághail ag aon duine ar feadh na cingcíse, ach an oiread. Aon duine a rugadh Dómhnach Cingcíse, bíonn air daoine nó beithidhigh a mharbhú. Ní théigheadh aon duine ag snámh ar an loch an lá sin, ach an oiread.
    Téigheann na daoine isteach ins na tihthibh nua ar an Aoine ins an áit seo. Ní deintear aon obair nuair a bhíos socraid ag dul thart mar deirtear nach ceart an cré d'iompuig. Coinnightear cuid de na prátaí i leathtaobh go Aoinne Céasta.
    Lá eile a bhfuil a lán pisreóigí ag baint leis iseadh "La Bealtaine." Ceapann na daoine go ngoidfeadh na sidheógaí an bainne ó na ba muna cuirfeadh siad píosa de'n crainn Bealtaine suas ar na stáblaí go léir. Cuireann siad píosa den crainn suas ins an teac freisin.
    Tugtar "Trí Laetheanntha na Sean Bhó" ar an céad trí lá de Aibreán. Bí fuacht millteach ann i Mí na Márta agus bhí an sean bhó ag fághail bháis leis an bhfuacht mór. Acht chuaidh an Márta thart agus bhí an sean bhó beó fós.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Mártín Seóige
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Gabhlán, Co. na Gaillimhe