Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 361

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 361

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 361
  3. XML “Seanchas Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá oileán amuigh i Loch Coirib agus tugtar "Caisleán na Circe" air. Tá a lán seanchas ag baint leis an oileán seo.
    Bhí na Flaithbheartaigh i n-a gcómhnaidhe ins an oileán fadó. Bhí faitchíos ar gach duine roimh na Flaithbheartaigh. Bean a bhí i gceannas an airm agus sgríobh sí leitir chuig Eilíse ag rádh léithi go raibh sí umhail dí. Cleas é sin a bhí aice chun í féin do chosaint ó na Sasanaigh. Annsan bhronn Eilís an tideal caiptín uirthí. An Chaiptín Bean Ó Fhlaithbheartaigh a ghlaodhtar uirrí as sin amach.
    Cé go raibh sí umhail do Shasana bhí sí gaedhealach i n-a croidhe. Tá gleann mór ins an oileán agus bhíodh na Gaedheal i bhfolach annsin. Thagadh na Sasanaigh go dtí an t-oileán go minich. Tá caisleán eile in aice le Uachtarárd agus tugtar "Caisleán Achad an Iubhair" air. Bhí dream eile de na Flaithbheartaigh i n-a gcómhnuidhe ins an caisleán seo. Tá go leór crainn iubhair ag fás i n-aice leis an gcaisleán. Sin é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air.
    Deirtear gur féidir le cat fiadhán suibhal treasna orra, tá siad cómh tiugh sin. Bhí troid idir an dá dream uair, agus bhí an buadh ag na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13