Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 357
  3. XML “Seaniarsmaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá a lán iarsmaí ar Inis an Ghaill amuigh ar Loch Choirib. Tá an t-óileán tuairim trí mhíle go leith ó Ghleann. Tá reilig beag ins an oileán. Tá crosanna nó clocha ós cionn gach uaigh. Tá sgríbhinn ar gach leac dhiob act ní féidir iad a léigeadh mar tá an sgríbhinn i Laidin.
    Tá daoine as Gleann curtha ins an oileán. Deirtear go bhfuil neacht Naomh Pádraic curtha ann freisin. Tá dhá theampaill ins an oileáin, teampaill Naomh Phádraic, agus teampaill na Naoimh. I dteampaill Naomh Phádraic tá áltóir déanta de cloch agus tá ríon glún ar an áltóir. Deirtear gur leag Naomh Phádraic a glún ar an áltóir nuair a bhí sé ag leigheadh Aifreann.
    Tá cloch eile taobh leis an áltóir agus tá lag ina lár. Bíonn uisge beannuighthe ins an glcoh i gcómhnuidhe. Tá fuinneóg beag ós cionn an altóir. Tá doras aluinn ins an dteampaill eile. Tá dealbh de gach naomh ós cionn an dorais.
    Tá oileán eile agus sé an t-ainm atá air ná Caisleán na Cirche. Bhí cearc agus coileach ins an oileán tráth. Bhí a airm féin ag an gcerc agus bhí airm eile ag an gcoileach. Bhí troid fuilteach eatorra agus bhí an buad leis an gcearc. Tugtar Caisleán na Circe ar an oileán ó shoin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Uaitéar Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60