Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 353
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)n-aice an bhóthair ar a dtugtar Teach-na-Mallacht air.Tá go léor sean-chasáin san áit seo freisin. Tá go léor sgéalta faoi freisin. Tá casáin ó Currach Dubh go Leitir Feoir agus tá ceann ó Bhárr-na-Guirtíní go Baile-na-nGall. Deirtear go bhfacha fear mada agus slabhra air ag an cheann atá idir Bárr-na-Guirtíní agus Baile-na-nGall.Níl aon cairn i n-aice leis an mbóthar acht tá ceann ar sliabh Cairn Saoidhe Finn. Nuair a chuireann duine cloch ar chairn deireann sé "Beannacht Dé le h-anam na marbh."Tá go léor sean-sgealta faoi na bóithre. Deirtear go bhfacha fear teine mhór i n-aice an bhóthair oidhche an-fhliuch. Bhi bean agus a h-inghean ag teacht ó Gaillimh oidhche amháin agus thosuigh siad ag rádh an Paidrín Partach agus chuala siad daoine dhá fhreagairt in-a-diaidh.Tá sean-chasáin ó Bhárr-na-Guirtíní go Léim agus deirtear gur i Léim a bhí an t-Aifreann fadó.Tá tobar beannuighthe i n-aice leis an bhóthair freisin agus deirtear go raibh daoine áirithe ag iarriadh é a dhúnadh le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Barr na nGoirtíní, Co. na Gaillimhe