Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 352

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 352

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 352
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Siad na h-ainmneacha atá ar bhóithre an cheanntair ná, bóthar an Ghleanna, bóthar Guirt a bhalla, bóthar Curraigh Dhuibh agus bóthar bhaile na nGall. Tá go leór sean-bhóithre sa cheanntar freisin.
    Deineadh na bóithre i n-aimsir an drochshaoghail. Deirtear gur fear ó Curr-a-Ríbhe a thug airgead do na daoine leis an bhóthar a dhéanamh. Rinne sé é ó Uachtar Árd go Droichead-na-Cille agus rinne na daoine é ó sin go Currán. Nuair a bhí na fir ag obair ar na bóithre fadó ceithre pingne a bhí le fághail atá sa ló. Tá dhá dhroichid ar an bóthar, Droichead-na-Cille agus Droichead-na-Rátha.
    Tá sean droichead i n-aice Uachtar Árd, ar a dtugtar Droichead-a-Phúca air. Bhí fear meisge ag teacht ó Uachtar Árd oidhche amháin agus nuair a bhí sí ag dul thar an Droichead dubhairt sé leis na púcaibh teacht amach agus troid a dheanamh. Thosuigh na púcaí ghá bhualadh ach ní raibh sé inann aon rud a fheiceál agus is beag nár mharbhaigh siad é. Tá sgoil nó teach i
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Criostína Ní Fhlannchadha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Fhlannchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    Os cionn 50
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Barr na nGoirtíní, Co. na Gaillimhe