School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 187
- XML “Scéal Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Crábhaidh
“Bhí bean ann uair amháin agus ní bhíodh sí ag dul ag an Aifreann ró mhinic.”
(Scéul eile)Bhí bean ann uair amhain agus ní bhiodh sí ag dul ag an Aifreann ró mhinic. Faoi dheire rinne sí suas a h-intean go rachfad sí ag an Aifreann chuile Dhomhnach agus sa gcaoi go mbead eolas aici ar an meid uair a bhí sí ag Aifreann i rith na bliadhna cuirfeadh sí cloichin beag isteach i mbosca chuile Dhomnach go mbiodh sí ag an Aifreann. I ndeire na bliadhna d'fhoscail sí an bosca agus comhraraigh sí an meid a bhí istigh ann. B'furusda é a dheunamh mar ní raibh uiluig ann acht aon chloch amhain. Thainic faitchios ar an mhnaoi bhocht agus chuaidh sí ag an sagart le cómhairle d'fhail uaidh.
"Tá tú ag fáil comhartha o Dhia" ars an sagart "nach mbíonn tú ag freastail an Aifreann mar is cóir. Tabhair nios mo aire do obair Dé do do chuid phaidreaca nuair a bhios tú ag an Aifreann agus beidh a mhalairt de sceúl agat an t-am seo airíst."(Tá an sceul seo coitchian go leor timceall na h-áite seo)