Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 182
- XML “Poitín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Comhortha eile go bhfuil sé laidir má coinnigheann sé na coiricíní nu na boiligíní le tamall maith théis craitheadh a thabhairt dó.Deantar poitín mar seo:-Faigtear dabhac mór nu baraille, nu dhá bharaille reir an méid arbhair a bhíos aca. Annsin cuirtear an tarbhar i malaí agus togtar ag an loch é. Deantar é cur a bogadh san loch go ceann seachtmhaine. Togtar é ansin agus cuirtear ar an gcill é chun é do thiormú. Caithfidh na daoine a bheith an-aireach sann gcaoi nach mbeadh an tarbhar doighte. Ní beadh moran poitín ar an arbhar agus rud eile ní bheadh sé go maith dá mbeadh sé doighthe. Ar a bheith tirm do caithfear é thabhairt ag an muillean chun é do mheilt. Abhaile leis ansin agus cuirtear i mbarraillí é. Cuirtear uisge te, (a bhí fiuchta) air agus braith. Cuirtear cludach maith ar an mbairiile agus fagtar ansin é le oibriú. Déanann sé oibriú i gcionn(leanann ar an chéad leathanach eile)