Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “An Tuirne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dá scór bladhain ó shoin bhiodh tuirne i ngach tigh sa bparróisde. Ní dóigh liom go bhfuil leath scór ann anois mar is fíor bheagan de ceann asna, nu flainín nu breidín a deantar anois. Cuimnighím feín nuair a biod triur figheadóirí agus amannta beirt nu triur figheadoíri siubhail leo ag obair annseo. Nil acht duine amháin ann anois agus marach go bhfuil roinnt talmhan aige agus go ndeanann sé feilmeáracht ní cothochadh an figheadóireacht é. Faghann sé an cuid is mo den obair o mhuinntir an tsléibhe.
    Nuiar atá an olann cearduighthe amach in a rollaí sniomhtar iad ar an tuírne. Sná atá ann annsin. Togtar annsin é chuig an bhfigheadóir agus cuirtear ar an gcrann deilbe é agus as sin istigh sa seól. An t-Inneach tugtar ar seo. Teigheann an figheadóir ar an seol annsin agus lionann sé go leor maidí beaga le sna le cur sa spól. Caitheann an figheadóir an spól o thaobh go taobh le sna. Teigheann an chuid thuas thios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. sníomh agus fí (~482)
    Teanga
    Gaeilge