Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “Ceirdeanna - Gaibhneacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl aon ghaba sa bparóisde seo anois (Cill Aininn) cé go raibh beirt ann leath cheud bliadhain o shoin. An t-am sin bhiodh go leor oibre le deunamh ag gabhainn - crúidhte le h-aghaidh capall agus asal - sluaisdí - laigheannta, pící, sleaghain, tuaghanna agus go leor rudaí eile. Rud ar bith a bhí deanta as iarann ba é an gabha a dheanfadh é. Bhiodh meas mór ar na daoinibh ar an ngabhainn. Biodh capalla na bhfeilméara le fáil aige i naisge ag treabhadh agus ag fuirse. Ní bhiodh call dó mhoin a a bhaint mar bhiodh neart le fáil aige i ngaisge. Feilmear ar bith a thagadh le fonnsaí a dhaingniú nu a chur ar rothaibh bhiodh carr móna aige ag teacht agus bhiodh a leath ar a laigheadh fágtha go bhfeadfadh an gabha a thabhairt abhaile leis.
    Ní bhiodh gual ag an ngabhainn acht go hannamh. D'feadfadh sé a cuid oibre a dheunamh le móin - le cloc mhoin nu le móin giollaigh (?). Nuair a biodh an mhoin dearg sa teine cuirfeadh an gabha amach é i bpoll mór sa talamh agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge