Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Ag Déanamh Coinnle”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí mise óg chonnaic me soitheach beag id teach a bhíod i n-úsaid ag na sean daoinibh ag deunamh coinnle. Bhí sé deunta as iarainn, tuairim is troigh ar fhaid agus ceithre ordlac ar leithead - agus ceithre chos faoi. Bhí sé deunta i gcuma baid go mbeadh dha shróin uirrí.

    (Sceitse 1) Amharc ar t'agaidh
    (Sceitse 2) Plan

    Bhiodh na coinnlí deanta as luaicre agus bloinneach leaghtha. Bhiodh an craiceann bainte de na ribíní luachra agus do bhiodh an bloinneach leaghtha ins an soitheach seo. Cuirfeadh an duine a bheadh ag deunamh na coinnlí nu na páideoga ceann amhain ar a turn (?) sios san soitheach seo agus leanfadh se leis seo go mbeadh an beart ar fad deunta aige. Deanfadh sé athuair iad agus airíst agus airíst eile go mbead meid mhaith ins na paideóga. Mige b'ainm don rud seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. déanamh coinnle (~728)
    Teanga
    Gaeilge