Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Na Mic Tíre Deireanacha a Bhí in Éirinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sé tuairim agus ceud go leith bliadhain anois o marbhuigheadh an cuid deireannach do na mictiribh i nÉirinn. Seo é an scéal.

    Bhí fear bocht in a chomhnaidhe i naice leis an mBearna – idir Spideal agus Gaillimh. Bhi trí bhó ag an bhfear seo agus bhí laoghanna aca. Oidhche amháin chuaidh an sean fhear amach go bhfeicfeadh sé ceann do na beithí a bhí ag brath an bhreith. Fuair sé an bhó marbh. Bhí sí tréis breith acht bhí an laogh ithte. Shaoil an sean fear go bhfaca sé mada mór ag ealadh siar uaidh treasna an phortaigh. Dimigh sé abhaile annsin brónach go leor. Tamaillín in a dhiaidh sin bhí ceann eile do na beithí le breith, agus le sgeal fada a dheanamh gearr tharla an rud ceadna. Cheap an sean fhear gur bé mada mór – cú a bhí ag ceann do na comharsana a rinne an scrios air agus chuaidh sé chuige. Dubhairt an chomharsan leis go raibh a mhada féin ceangailte istigh an oidhche sin – nach bhfeadfadh sé dul amach, agus gur scaoil sé féin é an mhaidin in a dhiaidh sin. Acht bhí sé sásta faire a dheanamh leis an cheud oidhche eile go mbeadh an triú
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge