Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. " Cé gur cruadh an chloc aoil
    Is chruaidh an eibhir "

    " Tuigeann Tadg Taidgin "

    " Mhill an mhuc í agus níor leas an banbh í "
    " Ceard a dheanfad an cat acht luch do mharbhú "
    " Ging den leamhan a scoilteanns é féin "

    " Deire phiobaire
    Deire bheidhleadóire
    Deire sean mhaigistir scoile
    Deire sean ghearrain bhain "

    " Ní raibh ann acht cac tar eis breime "
    " Gan tada deanta, agus go leor le deunamh "

    "An duine is goire don eaglais
    An duine is fuide o Dhia "

    " Ní caochfar suil Dé go bráth "

    " Mara mbeadh an fheoil le fáil fein "
    Ba mhaith an rud an t-anbhruith

    " Gan truagh aige féin do lucht ocrais
    Agus a bholg féin lán le feoil "
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge