Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa bParaisde Cill Aithninn tá comhnaidhe orm féin. Ainmnigheadh an Parraisde seo ó Naomh Aithnínn a mhair annseo fadó. Níl aon eolas cruinn fuithi, nu ar an ám ar mhair sí, nu ar an áit in a bhfuil sí curtha. Tá tobar beannuighthe Aithnínn ar bhruach Loch Aithninn, nu Loc an Rosa mar a glaodtar ar an loch anois. Loch Lonaín a bhí ar an loch seo fadó. Tá an tobar (Tobar Aithnínn) agus cill bheag ar bruach an locha. Tá dhá cill eile san ait agus deirtear gur bí Naomh Aithninn a thóg iad. Ceann aca ar thalamh Eamuinn Ui Fhlaithbeartaigh i n-aice le Seipéal Cill Aithninn. Tá bulán i bhfosguracht cupla cead slat do - "Bulan na Naomh" a tugtar air. Tá an Cill eile ar thaoibh an Bhothair Aird i n-aice le Oifig an Phuist, i Roscathail
    Seo iad na bailte sa bParroisde:-
    (Níl aon chunntas agam faoi na h-aiteacha seo)
    A) Cill i gCoill
    B) Gort a Charnáin
    C) Cill Óla
    D) Fatha - (Faithche bféidir)
    E) Roscathail
    F) An Ros
    G) Gort na gCruach
    H) Preabán (Preab bán is dóiche)
    I) Baile Bhónain
    L) Cill Aithnin - Naomh Aithnin
    M) Eiscear - iomaire caol fada gainimhe
    N) Polach - bograch - áit a bíos fliuc uisguil san Geimhread
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe