Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 125
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí mise mo ghasúr, agus go deimhin anuas go dtí 15 blína o shoin bhiodh an posadh deanta san tráthnona, nu ámannta i dtuitim na h-oidhche. Thagadh an fear agus a mhuinntir féin, (na daoine go mbeadh cuire faighte aca theacht ag an mbainfeis) go teach na mná oige. Bhiodh neart le nithe agus le n-ól le fáil annsin ag chuile dhuine - muinntir an fhir, agus lucht na mná oige, caranna agus capalla diallaidh a bhiodh aca. Rachaidís annsin ag an Seipéal agus bhiodh an pósadh déanta. Abhaile leo annsin go teach an fhir. Neart le nithe agus le n-ól airíst. Mara mbeadh fataí, gabaisde agus muicfheoil le fáil, neart poitín agus leanna ní bhíodh na daoine sásta, nu aon ghaisgeadh leis an oidhche. Nuair a bhiodh an suipear reidh (agus do bhiodh tae aca theis an dinnéar) thosuigeadh an damhsa. Níor mhor piobaire agus faífeadóir agus beidhleadóir a bheidh ann ar ardán nu ar bhord mór fada. Bhiodh duine nu beirt ag dul timceall an tighe nu an scioboíl i rith na h-oidhche ag stealladh amach poitín - le cruiscin mór agus gloine. Fear eile in a dhiaidh le canna mór leanna na laimh chle agus "mug" in a lamh dheis. Leanadh an damhsa go maidin nu go mbiodh na ceoltóirí ar meisge. Is minic a chonnaic mé an damhsa ar siubhal go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)