Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Réamonn an Orlaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó do bhiodh ollpheist uathbhasach i Loch Coirib. Bhíodh sí na comhnuidhe sa loch, agus ní deirtí go mbiodh sí ag teacht amach ar an talamh tirm cor ar bith. Acht bhiodh sí ag teacht go dtí an reilg (Reilg Chille Chuimin, Uachtarard) i mbelach faoi thalamh ag ithe na gcorp. Lá ar bith a mbiodh socraid ar an reilg taghadh an t-ollpheist an oidhche sin leis an gcorp d'ithe. Bhí an oiread sin d'fhaitchios ar na daoinibh roimpi nach racadh aoinne i n-aice na reilige oidhche sochruide ar ór nu ar airgead.
    Bhí fear in a chomnuidhe san nGleann (sé mhile taobh thiar d'Uachtarard) an uair sin agus nuair a cailleadh a mhathair cuireadh í i reilg Chille Chuimin, agus thainic sé fein an oidhche sin ag faire. Bhí claidheamh aige agus chuaidh sé isteach sa sean chill le paidir a radh an fhaid is bheadh sé ag fanact leis an ollpheist. Bhí aisling aige no thainic aingeal chuige agus d'orduigh sé do an cloigeann a bhaint den ollpheist le aon bhuille amhain - gan an tarna buille a tharraing, agus dá dtuitfead fiu is deor amhain d'fhuil na peiste ar a mhéar, nu ar a láimh, nu ar a chos, an ball sin a bhaint de féin laithreach bonn le na claidheamh.
    Theís achairin chuala sé an torann ag teacht. Sgear gur shaith an t-ollpheist a cloigeann isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge