Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 101d

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 101d

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 101d
  3. XML “Cineál a Chána”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó, fadí bhí Clanna Concubhair go láidir i Magh Uilinn, agus do chomhnuigh siad i mBaile na hAille. Bhí cead aca, nú do bhí nós aca gach uile chorp a thagadh le bheith curtha i Reilg Mhag Uilinn a thabhairt isteac ag an uaigh. Ní raibh cead ag gaolta an chuirp lamh a leagaint ar an gcorp, nú bacadh leis cor ar bith, a bheag nu a mhór ar an dturas o gheata na Reilige go dtí an uaigh. Ní bhiodh aon connradh ann an uair sin acht bhiodh cróchar ag na daoinibh leis an gcorp a leagaint air. Bhiodh tuighe ar an gcorp faoi agus os a chionn agus braithlin os cionn sin amuigh. Bhiodh cead ag Clanna Choncubhair a rogha rudh a dheanamh leis an bratihlín seo é a coinneál, nu é thabhairt uatha do dhuine ar bith ar mhaith leo.
    Bhí go maith, agus ní raibh go holc, go dtainic Socraid go Reilg Mhagh Uilinn lá. Ba leo Clanna Chongaile an corp. Ba dream cumasach iad seo, Clanna Chongaile a mhair agus do chomhnuigh ar an Learagan, Roscathail Co. na Gaillimhe. Níor mhaith leo a thabhairt le radh le Clanna Choncubhair go dtiubhradhis cead doibh an corp a thabhairt ó gheata na reilige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge