Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1931 - Báitheadh fear an bhliadhain sin as Cluain Mór. Bhí sé thall i dteach Murchadha, Cill Bheag (treasna locha Coirib ó seo). Bhí sé ag teacht abhaile agus d'éirigh stoirm mhór. Deireann daoine gur bhuail a bhád ar charraig agus gur báitheadh é. Deireann daoine eile gur sguabadh isteach ar oilean é agus go bhfuair sé bás le fuacht is le ocras. John Molloy, Cluain Mór, Ros Cathail a ainm agus a sheoladh.Bhí beirt eile ag teacht ó Ghaillimh go Cill Beag i mbád tráth. D'érigh stoirm mhór agus bhuail an bád i gcoinne carraige agus d'iompuigheadh bun ós cionn é agus báthadh an bheirt.Bhí fiabhras i bPáirc tráth dá raibh. Cailleadh a lán leis agus duine ar bith nár cailleadh b'éigean dóibh dul isteach san ospuidéal agus tréimhse a chaitheamh ann.
- Bailitheoir
- Máighréad Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe