Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Cornelistrum”
  4. XML “Shrue”
  5. XML “Inis Floinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sráid bhaile beag in aice le loch Coirib é seo. Tá sé i bParráisde Uachtar Árd. Tugadh an t-ainm ar an áit mar bhíod a lán seilistrum ag fás san áit fadó. Tá seomraí fá thalamh idir Cornelistrum agus Gort na h-Uamhan. "Dane's Hole" a tugtar ar an áit sin. Ní foláir nó go raibh na lochlannaigh ann tráth dá raibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Shrue:- Sráid-bhaile beag eile in aice le loch Coirib. Níl ann acht ceithre tighthe. Bhíodh muinntir Flaithbheartaigh 'na gcómhnuidhe i dteach mór ann fadó. Deirtear go raibh beirt dhearbhráthair ann agus gur mharbhuigh duine aca an duine eile agus nárbh fhéidir cómhnuidhe a dhéanamh san gcuid sin de'n teach ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.