Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “An Reilig”
  4. XML “Scéal - Fadó Fágtaí Airgead ag na Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Uachtar Árd is i roilig Cill Ainín a cuirtear gach duine fásta a geibheas bás.
    Thíos i logán atá an roilig seo. Áit chlochach sgeachach atá ann. Tá fothrach sean eaglaise ann agus nuair a bhíos cónra dhá iomchar téigheann na daoine thart timcheall an fothrach seo agus leagtar síos an cónra ar chloich mar deirtear gur seas naomh san áit sin fadó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal - Fadó fágtaí airgead ag na Toibreacha Beannuighthe - Tobar Cuana agus Tobar na Tríonóide. Bhailigheadh na daoine le chéile ist oidhche ag imirt cártaí. An oidhche áirithe seo bhíodar ag imirt agus chaill an fear áirithe seo gach pighinn ruadh dá raibh aige. Amach leis agus ghoid sé an t-airgead a bhí ag an Tobar Beannuighthe. Lobh a mhéara agus a chorp 'na dhiaidh sin. Deirtear nár cuireadh é i dtalamh beannuighthe acht taobh amuigh de'n roilig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.