Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 091
  3. XML “An Leipreachán”
  4. XML “An Leipreachán - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear nach bhfuil an leipreachán acht cómh mór le dorn fir. Caitheann sé cóta uaithne agus caipín dearg. Amuigh san bportach abhíos cómhnuidhe air, adeir na sean-daoine, "Gréasaidhe Leipreachán" a thugann furmhór na ndaoine air mar deirtear gurab é an gréasaidheacht an ceard atá aige. Do na sidheoga a ghníos sé na bróga, dar le daoine, cé go n-abruightear go ndearna sé do dhaoine saoghalta iad chómh maith.
    Deirtear go mbíodh leipreachán 'na chómhnuidhe i gcnoch gainnimh atá i bPáirc, Ros Cathail. Bhí an leipreachán seo troigh ar aoirde. Duine ar bith a chídheas leipreachán ní mór dó a shúile a choinneal air ar feadh an ama nó rachfaidh an leipreachán as amharc. Tá a lán óir aige, deirtear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailís Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Mór, Co. na Gaillimhe