Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 088
- XML “An Ghorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ghoididís as an talamh iad len a n-ithe.
Nuair a cailltí daoine an tráth sin, agus cailleadh go leor, cuirtí ar dhá chlár é agus cuirtí isteach san Roilig iad atá ag tobar Cuana. Uaireannta bhíodh cónra aca. Chuiridís an duine san gcónra. Tógtaí amach as é nuair a sroichtí an uaigh agus cuirtí an duine síos gan aon chónra. Ghníodh cónra amháin cúis i gcóir fiche duine nó níos mó.
Sgéal
Bhí fear annseo agus bhí sé stúictha leis an ocras agus ní raibh aon bhiadh le fághail aige. Chuaidh sé go Larrigan lá agus fuair sé béile maith ann. Ní túisge ithte aige é na thuit sé mín marbh ar an urlár.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe