Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 080
  3. XML “Bia na Seanaimsire”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na Nodhlag. Dheinidís í a mheilt roimh theacht na Nodlag. Annsin dheinidís dhá cháca déag agus déanaidís sin cúis go dtí tar éis Lá Cinn an dá lá Déag.
    Um' Nodhlaig bhíodh arán bán, tae agus feoil aca. Is annamh bhíodh tae aca mar bhíodh sé ró dhaor. Sin a choinnigh na fiacla slán ag na sean-daoine mar meathann tae iad.
    I rith na Cásga bhíodh tabhairt amach aca freisin. Bhíodh arán bán, tae agus ubh an duine aca. Dheinidís cáca ríse freisin as rís.
    Dá mbéadh na caoirigh saor mharbhuighidís ceann um' Nodhlaig.
    Mugaí adhmaid bhíodh aca sul ar tosuigheadh cupáin a úsáid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal:- Bhí triúr dearbhráthaireacha ann an t-am sin. Bhí muga adhmaid an duine aca. Bhí duine aca canntalach agus níor theastuigh uaidh go mbéadh duine eile ag ól as a (chupán) mhuga féin. Mar sin fuair sé sgian lá agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.