Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 071
  3. XML “Seanslí leis na Fiacla a Tharraingt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do'n pháiste seo. Cadadh an gabha isteach sa teach chuicí lá. Dubhairt sé léithe an páiste a thabhairt léithe go dtí an ceardtha agus go réidhteochadh sé an sgéal dí.
    Rinne an bhean amhlaidh. CHuir an gabha an páiste 'na shuidhe ar an inneoin. D'árduigh sé an t-ord ós cionn cinn an pháiste. Ní thúisge sin déanta ná sheas an duine in aice an bhalla. Sean-fhear críonna caithte agus féasóg fhad air a bhí san "bpáisde" anois. Shiubhal sí amach an doras agus ag dul amach dó dubhairt sé leis an ngabhain nárbh fhearrde a bhéadh sé fá céard a bhí déanta aige.
    B'fhír dhó mar cailleadh beithidhigh agus stuic an gabhainn gur fágadh beo bocht é. Cailleadh é i mboichteanas.
    Maighréad Breathnach a fuair an sgéal seo ón a h-athair - Mark Breathnach, Teach Dóighte, Ros Cathail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
      2. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mark Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe