Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Máirt na h-Inide:- Bíonn féasta mór ann an oidhche sin. Itheann na daoine a lán feola agus bíonn pancóga aca an oidhche sin freisin.
    Aoine an Chéasta:- Duine ar bith gur féidir leis teigheann sé go Séipéal Cinn Ainín chun Bóthar na Croise a dhéanamh ann. Duine ar bith nach féidir leis sin a dhéanamh deineann sé Bóthar na Croise ag Tobar Cuana. Má cuirtear síolra an lá sin ní theipeann orra ariamh.
    An Chincís:- Ní théigheann duine ar bith isteach san uisge go dtí trí seachtmhaine tar éis Domhnach Cincíse. Is maith le daoine uisge a beannuightear Domhnach Cincíse a thabhairt abhaile leo.
    Lá Bealtaine:- Deintear May Pole agus crochtar 'sna stáblaí é. Cuirtear fóid dearga thart ar an gcuinneoig. Ní tugtar braon bainne d'aoinne a thagas dhá iarraidh an lá sin. Comhartha mí-átha seadh é má chasann bean rueadh ort an lá sin. Ní éirigheann duine go bhfeiceann sé an deatach ag teacht aníos as similéar tighe eile. Cuirtear gaid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhodhráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cathail Thoir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighidh Ní Módhráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cathail Thoir, Co. na Gaillimhe