Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 054
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dá ngearradh duine a mhéar chuirfeadh sé ceann de na rudaí seo air fiú go dtí an lá atá indiú ann -
(1) ola lampa
(2) páipéar dóighte
(3) poitín
(4) púca
(5) caonach chun stop a chur leis an dóirteadh fola
(6) bláth beag - pennywinkle
(7) leigtear do'n mhada a theanga a chur air.Craos Galrach -
(1) Bainne a fhágas an firéid 'na dhiaidh gan blaiseadh.
(2) Tá leigheas ag mac nach bhfaca a athair ariamh i gcór an ghalair seo.
(3) Leigint do bhárdal bán sgréachaighil síos i do sgónach.
(4) Tá leighis san lizzard i gcóir seo freisin.Doghadh:- (1) Do theanga a chur ar an lizzard naoí n-uaire agus beidh leigheas agat ar dhaoine dóighte.
(2) Cuimil píosa de theangain mhada ruadh leis an gcuid dóighte.(leanann ar an chéad leathanach eile)