Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 052
  3. XML “Scéal Eile faoin Mada Rua”
  4. XML “Scéal Eile faoin Mada Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chosaibh.
    Rinne sé iarracht breith ar an mada ruadh acht rug an mada ruadh ar bhróig leis agus chaith isteach san teine í. D'fhéach an fear leis an bhróg a shábháil agus nuair a d'iompuigh sé thart tásg ná tuairisc ní raibh le fághail ar an sionnach glic. Maighréad Breathnach, Teach Dóighte, Ros Cathail.
    III Sgéal eile fá'n mada ruadh:-
    Chuir fear inneall i dtreo uair chun breith ar an sionnach mar bhí sé ag goid a chuid cearch.
    Ar maidin tháinig an sionnach chun adhbhar dinnéir d'fhághail agus chonnaic sé an trap. "ha, ha" ar seisean leis féin ní rachad isteach annsin acht ní imtheochad gan sicín acht oiread.
    Rug sé ar chloich len a bhéal agus chaith isteach san inneal é. Dhún an chloch an trap. Bhí an bealach réidh annsin agus isteach leis i gcóir adhbhair dinnéir a bhí tuillte go maith aige, dar leis. Máire Ní Fhíle, Cluain Mór, Ros Cathail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. III Sgéal eile fá'n mada ruadh:-
    Chuir fear inneall i dtreo uair chun breith ar an sionnach mar bhí sé ag goid a chuid cearch.
    Ar maidin tháinig an sionnach chun adhbhar dinnéir d'fhághail agus chonnaic sé an trap. "ha, ha" ar seisean leis féin ní rachad isteach annsin acht ní imtheochad gan sicín acht oiread.
    Rug sé ar chloich len a bhéal agus chaith isteach san inneal é. Dhún an chloch an trap. Bhí an bealach réidh annsin agus isteach leis i gcóír adhbhair dinnéir a bhí tuillte go maith aige, dar leis. Máire Ní Fhíle, Cluain Mór, Ros Cathail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. sionnaigh (~151)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhíle
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Mór, Co. na Gaillimhe