Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 031
- XML “Cluain Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thalamh ag snígheadh idir loch amháin díobh súid go dtí "Loch an Tairbh".
Poll mór gan aon bhalla ná eile thart air seadh "Loch na Tairbh". Deirtear nach bhfuil aon tóin leis. Seo é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air. Uair amháin thit tarbh isteach san bpoll agus deirtear gur fritheadh é i nGaillimh. Is amhlaidh do snámh an tarbh san sruth fá-thalamh idir Loch an Tairbh agus Loch Coirrib agus annsin do snámh sé isteach go Gaillimh.
Bíonn a lán eascon le fágháil san loch seo san Samhradh. Deirtear go mbídís chómh flúirseach ann fadó go bhféadfadh na daoine iad a thabhairt aníos i gciseain.
Deirtear go bhfaca na sean daoine dhá chapall mara ann fadó acht go ndeacadhar síos san uisce nuair a chonnaicheadhar na daoine ag teacht.
Sgéal eile atá ag na sean daoine fá Loch an Tairbh seadh-Tráth dá raibh fear ag teacht abhaile ó'n bportach chonnaic sé capall. Léim sé in áirde air. As go bráth leis an gcapall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhíle
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pat Barrett
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe