Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 024
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodh mucha go fairsing annseo fadó. Is mar gheall ortha a bhaisteadh an t-ainm ar an áit. Beathuightear anois iad freisin. Bíonn aonach annseo an dara Céadaoin d'en mhí agus díolann na daoine na mucha do fear darb ainm McGivern a thagans annseo as Gaillimh. Is de réir meadhchain a ceannuigheann sé iad agus tugann sé leis iad i dtrucaille mór. Is san gclós ar aghaidh siopa Cartúra a bhíonn an t-aonach.
Coinnightear fíor bheagán de caoirigh. Bearrtar iad agus coinnightear an olann le stocaí agus geansaí a dhéanamh nuair a bhíos sé réidh lena a aghaidh sin.
Coinnightear cearca agus lachain géanna agus roinnt coilleach franncacha annseo. Nuair a bítear ag glaodhach na n-ainmhidhthe agus na n-éanlaithe chun bidh deirtear-
tioc/tioc do na cearca
píb, píb, píb do na coiligh franncaigh
furais furais do na muca
fít, fít do na lachain
such such do na gamhna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe