Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 023
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)slabhradh a chur thart ar a muineal agus é a cheangailt do chrioga. Ceannuightear na slabhradh sin i nGaillimh.
Má bhíonn bó tinn crochtar bonn beannuigthe Benedict in áirde san mbothán. Tomtar síos é i ngach deoch a tugtar do'n bhuin freisin agus cuirtear braon d'uisge beannuighthe san digh leis.
Nuair a bhíos ba dhá dtiomáint againn deirimid "huirt amach" nó "gabh amach annsin".
Nuair a bhíos an bhó blighte déantar comhartha na croise leis an mbainne uirthe cun go mbeidh rath uirthe go mblightear aríst í. Má dóirtear bainne deirtear go mbíonn bainne ag teastáil ó dhuine éigin.
Níl capall ag gach duine annseo. Sé an t-asal a dheineann an obair ar fad beagnach. Crochtar crúdh capaill os cionn an dorais ionnus go mbeidh rath ar an tighe. Níl aon seanchus annseo i dtaoibh capall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe