Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 019
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair atá na sciolláin agus an talamh réidh le cur geibheann mo dhearbhráthracha málaí agus cuirid na sciolláin isteach ionnta. Annsin déanann duine amháin poll san iomaire le bata agus tagann duine 'na dhiaidh sin le sciollán agus sáitheann sé síos san bpoll é.
Annsin dúntar na poll le cré. Tar éis tamaill cuirtear cré nua ós a cionn sin arís.
Ar eagla go dtiocfadh an duibheagán ar na fataí deineann m'athair iad a nigheadh. Is le cloch gorm, sóid nigheacháin agus uisge a deintear an spray.
Geibheann m'athair bairille agus caitheann sé an cloch gorm agus sóid nigheacháin isteach ann. Annsin dóirteann sé isteach an t-uisge. Measgann sé go maith é le bata fada. Nuair a bhíos sé go léir leagtha líonann sé buicéad de. Annsin cuireann sé as an mbuicéad isteach san maisín é sprayáil ar a dhruim agus tosuighean air ag obair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe