Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireann m'athair fataí gach bliadhain í mí Aibrean. Ullmhuigheann sé an talamh 'na gcóir, tamall roimh-ré. Ceannuigheann sé leasú sa siopa agus scaipeann sé ar an talamh é.
    Treabhann sé agus fuirsigheann sé an talamh ar dtús. Déanann sé iomairí. Más san ngáirdín a chuireann sé iad bíonn air an talamh a romhar léis an ramhainn mar tá sé ró bheag leis an gcéachta a úsáid ann. Is as iarann atá an céachta déanta anois cé go mbíodh cinn adhmhaid annseo fadó. Ceannuigheann m'athair an cuid iarainn d'en ramhainn agus déanann sé crann é féin agus cuireann isteach ann é.
    Gearann mo shean-mháthair na síol-fataí. Is le sgín a gearrann sí iad. Fágann sí súil i ngach píosa agus is as an tsúil sin a fásann an fataí nua.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe