Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinne sí cómhartha na croise uirthe féin annsin agus ar sise "tosnóchaidh mé anois in ainm Dé." Thosuigh uirthe annsin ag bualadh an bhainne reamhair síos suas leis an gcois-luithen. Nuair a bhí sí tamall ag bualadh d'éirigh sí tuirseach agus thógas féin an chos luithne. Níorbh fhada go dtáinig tuirse orm féin chómh maith acht tháinig chómarsa isteach agus thug sin seans dom. "Caithfead dreas a bhuaileadh ar seisean no ní bheidh im ar an mbainne go deo mar bhéarfad liom é". Rinne sé amhlaidh. Annsin bhain mo mháthair an clár den chuinneoig agus chonnaic sí cosamhlacht an ime ar an mbainne.
"Is gearr anois go mbeidh sé réidh againn ar sise" go bhfágaid Dia an t-sláinnte agaibh".
Bhuail sí dreas eile agus thóg an clár arís. Bhí cnapóga ime ar snámh ar uachtar an bhainne. "Tá linn anois, buidheachas le Dia" arsa mo mháthair. Bhailigh sí an t-im(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailís Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Céide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pat Barrett
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe