Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abaile leo mar cuimhneacháin ar an áit. Tá altóir deas ann agus tá dealbh de'n Mhaighdin Beannuigte air.
Níl aon uisge san tobar anois mar deirtear gur cuireadh mallacht air. Deintear comhartha na croise leis an gcré atá ag tóin an tobair nuair atá an stáisiúin críochnuighthe. Ní dóghann na cipíní a tógtar ón gcrann atá ag fas ann. Tá cloch beannuighthe ann agus cuireann gach duine mór-thimceall ar féin í naoi n-uaire i ndiaidh a céile.
Tobar na Tríonóide atá suite i g-Cluan Móir - leath-mhíle ó Sgoil Caladh na Muc. Tugadh an t-ainm seo air in onóir na Tríonóide Naomtha. Deirtear go léigfeadh an sagart an t-Aifreann ar charraig in aice an tobair fadó. Tugadh othair go dtí an tobar fadó agus leighiseadh an t-uisge iad. Tugann na daoine cuairt ar an áit Aoine an Chéasta agus teighid mór thimcheall an tobar ceithre uair. Fágann siad airgead, buinn beannuighthe agus dealbh briste anseo.
Beireann siad uisge abhaile leo ó'n tobar. Tá sgeach ann agus deirtear go bhfuil saighdiúir curtha fá'n sgeich ann.