Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Timcheall dhá mhíle ó'n sgoil tá Tobar Éandha. Níl an tobar seo i bParróiste Uachtar Ard ach teigheann cuid mhaith daoine ann gach bliadhain ó'n áit seo.
Deirtear gur bhaist Naomh Eadhna muinntir na h-áite san tobar seo agus gurab é sin an fáth ar tugadh an t-ainm ar an tobar.
Tobar é atá faoi sgáth sgeiche. Ní bhainfheadh duine ar bith an sgeach sin ar ór na ar airgead mar leanfaidh na suaeóga iad dá ngearrthaí é.
Teigheann daoine chuig an tobar fós agus fágann siad pictiúirí beannuithe agus Buinn beannuighthe ar an sgeich ag fágáil na h-áite dóibh. Tobar beannuighthe eile in aice linn annseo 'seadh Tobar Cuana.
Deirtear go raibh Naomh a raibh an t-ainm sin air ag an tobar fadó. Teigheann na daoine go dtí an tobar sin Aoine an Chéasta. Gníonn (?) siad Bothar na Croise ag gabháil thart dóibh. Cuireann siad cloch isteach sa tobar tar éis gach stáisiúin. Fágann siad pictiúirí 'na ndiaidh agus bheireann siad cipín nó cloch(leanann ar an chéad leathanach eile)