Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 006
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 006
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is i rith na h-Inide is mó a póstar agus i mí Meitheamh.
Laethannta atá mí-ráthmhar:- Dia h-Aoine agus Dia Satharn.
Míosa atá mí-ráthmhar:- Bealtaine agus Samhain mar leanann na sidheóga an leánamhain nua má póstar iad i rith an dhá mhí seo. Deirtear nach adhmharach an rud (beirt) má phósann beirt d'ón clann amháin i rith na bliadhna céadhna.
Deirtear nach cheart do'n chailín pósta cuairt a thabhairt ar thígh a h-athar go ceann míosa tar éis lae an phósta.
Má castar asail ar an mbeirt ag dul chuig an bpósadh deirtear gur chómhartha mí-ádha é sin.
Má's fear an chéad duine a bhuaileas leo tar éis teacht amach ó'n séipéil is deagh-cómhartha é.
Déantar cleamhnaistí san gceanntar seo i gcómhneidhe. Tá daoine ann agus is fearr iad ná daoine eile chun cleamhnaistí a dhéanamh agus mar sin 'siad na fir céadhna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Madelín Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Oileabhéar Ó Chárthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe