Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Caladh na Muc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bíonn siad ag déanamh spóirt - ag damhsa, ag canadh, ag seanchuis nó "pitch and toss".
    Timcheall leith-mhíle ó'n gcrós-bhóthar ar an mbóthar go h-Uachtar Árd tá áit ar a dtugtar an Choill Mhór.
    An Choill Mhór:- Nuair a bhíos socraid ag dul ó Chaladh na Much go dtí an roilig i gCill Ainín leagtar síos an cónra ag an gCoill Mhór. Tógtar cárnán cloch ann annsin i gcuimhne an duine atá caillte. Cuireann an cárnán cloch sin i gcuimhne dos na daoine paidir a ráidh ar son anamacha na marbh nuair a gabhann an slighe sin. Deirid ag gabháil thart dóibh "Go ndéanaidh Dia trócaire ar anamacha na marbh."
    Bhí coill mhór san áit seo fadó ach dóghadh go talamh é agus fiú an talamh féin doghadh é go dtí nach bhfuil fágtha anois san áit ach an charraig lom. Annseo agus annsúd tá préamh crainn le fághail idir na carraigreacha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Madelín Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Oileabhéar Ó Chárthaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe