School: Caladh na Muc

Location:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caladh na Muc
  2. XML Page 003
  3. XML “Caladh na Muc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Connamara d'fheiscint go soiléar. Talamh mhaith aol-chloch atá ann ach ó thárla go bhfuil a lán clocha san áit is deacar an talamh a shaothrú. Deirtear gurbh é an leach-oidhre abhí ag clúdach na h-Éireann uair is cionntach leis na carraigreacha móra atá annseo is annsúd 'sna páirceannaibh. Tá áiteacha san gceanntar agus níl lé feiscint ionnta ach clocha agus leaca. Is soiléir o'n méid sgeacha agus préamhacha crann atá san áit go raibh coilléir annseo fadó. Níl fágtha ach a rian anois.
    Tíghthe:- Tá aon teach déag san sráidbhaile anios. Ceann tuighe atá ar gach cheann díobh. Tá na ballaí aol-daithte istigh agus amuigh. Coinnightear go deas glan iad. Bíonn róis ag fás in aice an dorais ar aghaidh an tighe i bhfurmór díobh.
    Bóithre an Cheanntair:- Bóithre réasúnta maith atá ann. Fásann sgeacha ar gach taobh díobh go mór mór an sgeach geal. Ballaí déanta as clocha atá mar theorainn idir iad agus na páirceannaibh. Rinneadh bóthar nua timcheall deic mbliadhna ó shóin - bóthar ag dul ó Chaladh na Muc amach tríd an bportach go dtí an t-árd bóthar go Gaillimh. Comhghar mór é sin anois go Gaillimh. Bhailigheann na daoine lé chéile ag an gcros-bhóthar tráthnóna Dia Dómhnaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Madelín Ní Chárthaigh
    Gender
    Female
    Address
    Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Oileabhéar Ó Chárthaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe